Products specifications
Author
|
Malachy Doyle |
GBPPrice
|
13.9900 |
Nuair a mhúsclaíonn Muireann maidin amháin, tá an teach folamh. Bhí a hathair amuigh ag iascaireacht ar an fharraige fhiáin is níor fhill sé fós.\r\n\r\nTógann sí na rudaí is luachmhaire dá bhfuil aici síos chun an chuain: loicéad práis agus fiche sliogán fínicín beag istigh ann, griangraf dá hathair agus an bhábóg is ansa léi, Nóra. Tá sí chun iad a ofráil don fharraige chun a hathair a fháil ar ais slán sábháilte.\r\n\r\nAch an dtabharfaidh an fharraige fhiáin a hathair agus na haithreacha eile ar ais arís ón turas iascaireachta?\r\n\r\nScéal draíochtach faoi chreideamh, íobairt agus dóchas le húdar ardaitheanta agus le maisitheoir ardiomrá.